I dtarchur is taifeadadh fuaime is físe, tiontú an chomhartha analógaigh (a chódaíonn d'fhuaimthonnta nó gile íomhá) atá ag athrú go leanúnach ina shraith luachanna códaithe uimhriúla.

tonnta fuaime

Déantar an bunchomhartha a shampláil ag eatraimh rialta, minic a dhóthain chun na hathruithe sa chomhartha a léiriú, agus sanntar sraith cainníochtaí scoite uimhriúla don luach meandarach. Déantar iad a chur i ngrúpaí (bearta) de chomharthaí simplí air/as, 1/0 (giotáin), atá deacair a dhíchumadh is éasca a ionramháil. Sa ghlacadóir tiontaítear an comhartha digiteach ar ais ina chomhartha leanúnach analógach le léiriú mar fhuaim nó íomhá.

Chun mionsonraí míne teilifíse a thaifeadadh is a atáirgeadh, is gá sampláil a dhéanamh 13.5 milliún uair gach soicind (13.5 MHz) le bearta 8 ngiotán chun 256 leibhéal gile a chuimsiú le hard-dílseacht.

Maidir le fuaim, is leor an tsampláil a dhéanamh ag 48 kHz, ach is gá bearta 20 giotán chun an scála déine iomlán fuaime a chuimsiú.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teicníochtaí digiteacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 649.