Sa chóras feodach ba ionann Diméin (díorthaíonn an focal ón tsean-Fhraincis demein, agus ón Laidin dominus ó thús, a raibh an chiall tiarna, máistir líon tí leis) agus an talamh ar fad a choinnigh tiarna mainéir ar mhaithe leis féin, agus a bhí faoina bhainistíocht aige, murb ionann agus talamh eile a dtugtaí mar fheod go daoine eile mar fhothionóntaí.