Sa leictreastataic, tá an flosc leictreach iomlán trí dhromchla iata i gcomhréir leis an lucht iomlán a iann an dromchla sin. Is é an tairiseach comhréire ná 1/ε, agus is é ε ceadaíocht an aeir nó an mheáin atá mórthimpeall an dromchla. Ciallaíonn an dlí gur foinse réimse leictrigh é lucht leictreach. An matamaiticeoir agus réalteolaí Johann Karl Friedrich Gauß (1777-1855), ceannródaí i gcur i bhfeidhm na matamaitice ar dhromchlaí cuartha, sa gheodasaíocht, an imtharraingt, an maighnéadas, agus an leictreachas, a d'fhionn é.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlí Gauß". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 308.