Sa bhfisic, dlí a deir go bhfuil an straidhn in ábhar díreach i gcomhréir leis an strus is bun léi. Ainmnithe as an bhfisiceoir Sasanach Robert Hooke (1635-1703) a d'fhionn é. Ní fíor é ach nuair a bhíonn an strus an-bheag. Tagann sé i bhfeidhm i lingeáin (spriongaí) mar seo: nuair a chuirtear straidhn bheag i bhfeidhm ar an lingeán le síneadh beag (x), tagann fórsa aischurtha (F) i bhfeidhm a bhíonn díreach i gcomhréir le fad an tsínidh/an chomhbhrú. , ar tairiseach é k, tomhas ar dhoichte an lingeáin.[1]

Dlí Hooke: tá an fórsa comhréireach leis an síneadh
Tá an feadán Bourdon bunaithe ar dhlí Hooke. Díchornann an fórsa a chruthaíonn an brú gáis, taobh istigh den fheadán miotail corntha thuas, é i gcomhréir leis an bhrú

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlí Hooke". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.