Nuair a théitear ábhar go dtí ardteocht, astaítear speictream solais infheicthe chomh maith le radaíocht infridhearg. De réir mar a ardaíonn teocht dhromchla an ábhair, aistríonn buaic speictream an tsolais chuig tonnfhaid níos giorra de réir a chéile: is é sin, athraíonn dath an tsolais ó dhearg go buí. Ainmnithe as Wilhelm Wien.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dlí Wien". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.