Is foirm chéasta é dobharbhordáil, a cuirtear i bhfeidhm tríd an t-íospartach a chur ar neamhfheidhm ar a dhroim nó droim leis an gceann claonta, agus ansin uisce a dhoirteadh thar aghaidh an duine agus isteach sna pasáistí análaithe, ag tabhairt le fios don chime go bhfuil sé nó sí ag fáil bháis.[1]

Dobharbhordáil sa Chambóid le linn réimis na Ciméirise Deirge.

Is cúis le plúchadh éigeantach agus ionanálú uisce an tuairim láidir a thagann ar an chime go bhfuil sé no sí i mbaol báite.

Measann saineolaithe dlí, polaiteoirí, oifigí faisnéise, breithiúna míleata, saineolaithe leighis i gcóireáil d'íospartaigh an chéasta, eagraíochtaí cearta daonna, agus seansaighdiúirí gur fhoirm an chéasta é an dobharbhordáil.

Agóid sráide in aghaidh dhobharbhordáil le linn chuairt Chondoleezza Rice ar an Íoslainn, Bealtaine 2008

Arm na Breataine cuir in eagar

Tháinig tuarascálacha chun cinn sa bhliain 2009 gur bhain Arm na Breataine úsáid as dobharbhordáil le linn diancheistithe príosúnach a bhí faoi amhras i dTuaisceart Éireann. Tá líomháint ann gur úsáideadh dobharbhordáil ó Mhárta 1972 ar aghaidh, i ndiaidh Rialtas Ted Heath teacht chun críche. Chuir an Príomh-Aire Heath cosc ag an am sin ar chúig modh eile chéasta. Dúirt iar-oifigeach na Muirshaighdiúirí Ríoga freisin go raibh dobharbhordáil triailte air agus a bhfear ag deireadh oiliúnana i bhfrith-diancheistiú i rith na 1960idí agus go luath sna 1970idí.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Safire, William. Safire's Political Dictionary, page 795 (Oxford University Press 2008): “Waterboarding. A form of torture in which the captive is made to believe he is suffocating to death under water.”
  2. "British army 'waterboarded' suspects in 70s" (en). the Guardian (2009-12-21). Dáta rochtana: 2020-07-12.