An chéad córas éifeachtach chun an torann i gceol a atáirgtear le téipthaifeadán a laghdú go so-aitheanta. Úsáidtear go han-fhorleathan fós é. Shaothraigh Ray Dolby (1933-) ar dtús é le haghaidh téipthaifeadán gairmiúil i lár na 1960idí (Dolby A). Ansin mhionathraigh is shimpligh sé na ciorcaid chuige le húsáid i dtéipthaifeadáin caiséid (Dolby B). Tháirg sé Dolby C sna 1980idí, ina raibh laghdú torainn 20 dB trasna raon leathan minicíochtaí. Éiríonn an tsiosarnach ó bhun-nádúr gráinníneach an chumhdaigh mhaighnéadaigh ar na téipeanna. Rinne Dolby 3 rud: maidir leis an gcomhartha le taifeadadh, d'aimpligh sé na comharthaí ísle (ar mó a gcuirfeadh an tsiosarnach isteach orthu) níos mó ná na comharthaí níos airde is rinne iad a thaifeadadh; san atáirgeadh, scag sé amach na comharthaí an-ísle uile is rinne comharthaí níos mó ná tairseach áirithe a chur ar aghaidh don aimplitheoir; agus san aimplitheoir, d'aimpligh sé na comharthaí ísle níos lú ná na comharthaí arda, roimh an gcomhartha iomlán a chur isteach sa challaire. Laghdaíonn an phróiseáil seo an tsiosarnach 10 dB ar a laghad, agus ní chuireann isteach ar chaighdeán ginearálta na fuaime.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dolby". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 218.