Dolmain

cineál tuama mheigilitigh

Is éard is dolmain (uaireanta cromleactuama ursanach) ann ná tuama meigiliteach a bhfuil seomra amháin ann. De ghnáth, bíonn dhá (nó níos mó) mheigilit ina seasamh a thacaíonn leac mhór mhullaigh, nó “tábla”. Baineann an chuid is mó díobh leis an tréimhse Neoiliteach Déanach (4000–3000 BCE) agus uaireanta chlúdaítí iad le cré nó le clocha beaga chun tulach (dumha adhlactha) a dhéanamh. I go leor cásanna, tá an clúdach tar éis creimeadh go hiomlán sa chaoi nach bhfuil ach an “chreatlach” chloiche fágtha.

Poll na Brón, Contae an Chláir

Sanasaíocht cuir in eagar

Tháinig an focal dolmen isteach sa tseandálaíocht nuair a d’úsáid Théophile Corret de la Tour d’Auvergne é chun cur síos a dhéanamh ar thuamaí meigiliteacha ina leabhar Origines gauloises (1796). D'úsáid sé an litriú dolmin, ach tháinig an litriú nua-aimseartha dolmen isteach sa Fhraincis thart ar deich mbliana tar éis sin, agus ba é an litriú caighdeánach faoi 1885.[1] Déanann an Oxford English Dictionary tagairt do dolmen i mBéarla den chéad uair i leabhar faoin Bhriotáin a foilsíodh in 1859. Tugann an foclóir an sainmhíniú seo: “The French term, used by some English authors, for a cromlech ...”. Dúradh gur tháinig an focal ó théarma Briotáinise a chiallaíonn ‘tábla cloiche’, ach tá amhras faoi sin anois, agus deir an OED go dtagann sé ó “Modern French”. De réir leabhair faoi sheaniarsmaí Cornacha a foilsíodh in 1754, ba é tolmen (“poll cloiche”) an focal Coirnise ar chromleac, agus deir an OED “There is reason to think that this was the term inexactly reproduced by Latour d'Auvergne [sic] as dolmen, and misapplied by him and succeeding French archaeologists to the cromlech.[2] Mar sin féin, is é dolmen an gnáth-théarma Béarla sa tseandálaíocht anois, nuair nach n-úsáidtear na roghanna níos teicniúla agus níos tuairisciúla.

Is dócha gur thug Tomás de Bhaldraithe an téarma dolmain isteach sa Ghaeilge san fhoclóir Béarla-Gaeilge (1959). Thug T. O'Neill Lane “cromleac” mar shainmhíniú ar “dolmen” ina Larger English-Irish Dictionary (1917).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Bakker (2009). "Megalithic Research in the Netherlands, 1547–1911". Sidestone Press. ISBN 978-9088900341. 
  2. OED "Dolmen", 1st edition, 1897