Domhnall mac Murchadha

rí na Mí
(Athsheolta ó Domhnall Mac Murchadha)

Bhí Domhnall Mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Domnall mac Murchada) (a fuair bás 29 Samhain 763), ar a dtugtar 'Domnnall na Mí' (Domnall Midi), ina Ard-Rí na hÉireann san ochtú céad. Bhain sé le chraobh Chlann Cholmáin Uí Néill. Bhí ceannasach bainte amach ag Clann Cholmáin i measc Uí Néill an Deiscirt, a bheadh acu go dtí gur bhain Brian Bóramha cumhacht amach i ndeisceart na tíre.

Infotaula de personaDomhnall mac Murchadha
Beathaisnéis
Breith7 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás763 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
743 – 763
← Aodh AllánNiall Frossach mac Fearghail → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 8ú aois
Teaghlach
TeaghlachClann Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchad Midi mac Domnaill, Muiredach mac Domnaill Midi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchad Midi

Bhí Domhnall ina thaoiseach ar Chlann Cholmáin ar feadh beagnach caoga bliain, agus Ard-Rí na hÉireann ar feadh fiche. In ainneoin seo, agus a thábhacht mar rí, is annamh na tuarascálacha a faightear sna hAnnála faoi a chuid gníomhaíochtaí. Bhí sé ina phátrún ar eaglaisí Cholm Cille, i nDarú ach go háirithe, áit a bhfuil sé curtha.

Domhnall mac Murchadha, Ard Rí

Bunúis agus tosca cuir in eagar

Murchadh mac Diarmada, 'rí Uí Néill (an Deiscirt)' ba ea athair Dhomhnaill. Bhí deartháir amháin eile ar a laghad sa chlann, Cairbre, a fuair bás sa bhliain 749. Is dócha é fosta go raibh Breasal mac Murchadha, a maraíodh sa bhliain 764, ina dheartháir leis. Bhí athair Dhomhnaill ina rí Uisnigh ó bhás a athair-se, Diarmaid Dian, sa bhliain 689 go dtí a bhás féin sa bhliain 715. Mharaigh Conall Grant de Síol Aodha Sláine. Bliain roimhe sin, bhí nia Chonaill, Fógartach mac Néill, rí ruire Uí Néill an Deiscirt, curtha ar deoraíocht ag Murchad go dtí an Bhreatain. [1]

Rí Uisnigh, Rí na Mí cuir in eagar

De réir ríliostaí níos deireanaí amhail is iad sa Leabhar Laighneach, tháinig Domhnall i gcomharbacht ar a athair mar rí Uisnigh. Más fíor, ní thugann annála Éireann a lán airde dó, agus ní fheictear iontu go dtí an bhliain 730.[2][3]

Sa bhliain 739, insítear i nAnnála Uladh gur that roinnt muintir Dhomnaill i halla cóisire ag Bodbráith, áit atá anaithnid.[4][5] Ní fios cérbh é an namhaid. An bhliain dár gcionn, d'éirigh Domhnall ina chléireach.[6][7][8]

Rí na Teamhrach cuir in eagar

Sa bhliain 743, chloígh agus mharaigh Domhnall Aodh Allán agus roinnt ríthe na nOiriall, b'fhéidir ar Mag Sered gar de Cheanannas, cé gur tharla an cath i gContae an Longfoirt de réir foinsí eile. Pé scéal é, molann an dá suíomh go raibh Aodh an t-ionsaitheoir.[9][10][11] Ní mhínítear céard é cúis an achrainn eatarthu. Meastar tháinig Domhnall ar agus ar an bhfód de bharr b'fhéidir leathadh críocha Aodha i gConaille Muirthemhne isteach, sin nó dúnmharú Chonaing mac Amalgado, rí Bhreá, a thacht Aodha é is dóigh sa bhliain 742.[12][13]

Agus Aodh clóite aige, d'éirigh Domhnall arís ina chléireach sa bhliain 744.[14][15][16] Nuair a fuair Aodh Muindearg mac Flaithbheartaigh bás sa bhliain 747, tugtar ina thásc an teideal "rí an Tuaiscirt" dó, rud a chuireann in iúl gurbh ionadaí Dhomhnaill ann é.[17] Is amhlaidh go raibh ionadaí aige sa deisceart chomh maith. D'fhéadfadh go raibh a ghaol i bhfad amach uaidh, Fallaman mac Con Congalt de Chlann Cholmáin Bhig, ina rí na Mí sa bhliain 733, agus iad léir gur tógadh an teideal sin do ina thásc sa bhliain 766.[18][19]

Seachas é seo, is beag eolas atá againn sna hannála nó foinsí eile, agus é i gcoróin mar Ard-Rí le fiche bliain. Murab ionann is Aodh Allán, bhí dea-chaidreamh aige le ríthe Uí Dúnlainge na Laigean.[20][21] Sa bhliain 753, deirtear gur chuir sé "Cáin Cholm Cille" i bhfeidhm ar son Sléibéne, abb Oileán Í. A bhuí le tacaíocht Dhomhnaill agus a chomharbaí, tháinig uachtarán Cholm Cille go Ceanannas le linn ré na Lochlannach.[22][23]

Níl ach tuairisc ansin ann agus is Domnall i mbun chogaidh, don bhliain 756 nuair a chuaigh sé ar feachtas as cúige Laigean i gConaille Muirthemhne isteach. Cuireann seo in iúl gur mheas sé gur bagairt a bhí ann dá theaghlach agus dá chumhacht agus Cineál Eoghain ar chósta thoir na tíre, agus fosta díríonn sé aird ar a dheachaidreamh le ríthe na Laigean.[24][25][26]

Fuair Domhnall bás sa bhliain 763 agus adhlacadh é i mainistir Dharú.[27][28][29]

Cé go raibh dea-chaidreamh ag Domhnall le hOileán Í agus is amhlaidh cráifeach, ní raibh ard-mheas ag gach cléireach air. Is dóigh go bhfuil sé san áireamh mar cheannaire tíoránta sa saothar Féilire Aonghasa, scríofa ag Tamhlacht i dtalamh críche na Laigean[30][31]

De réir na ríliostaí agus fianaise sna hannála, tháinig Niall Frasach, deartháir óg Aodha Alláin, i gcomharbacht ar Dhomhnall mar Ard-Rí.[32] Bhí aighneas ann faoi cheannaireacht Chlann Cholmáin, ámh.[33]

Teaghlach agus sliochtaigh cuir in eagar

Ailbíne ingen Ailello ba ea bean chéile Dhomhnaill.[34] Bhí ar a laghad cúigear mac agus iníon amháin aige.[35]

I measc sliochtaigh Dhomhnaill bhí na hArd-Ríthe Conchúr mac Donnchadha, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí, Flann Sionna, Dúnchadh Donn agus Maol Seachnaill mac Domhnaill.[47]

Foinsí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 479–480, 572 & 604; Charles-Edwards, "Domnall"; Irwin, "Fogartach".
  2. Charles-Edwards, "Domnall"
  3. Annála Uladh, AU 730.8.
  4. AU 739.4
  5. Bhreatnach, "Abbesses", lch. 122.
  6. AU 740.1
  7. Bhreatnach, "Abbesses", ll. 112–113
  8. Charles-Edwards, "Domnall".
  9. Charles-Edwards, "Áed Allán"
  10. Byrne, Irish Kings, lch. 118
  11. AU 743.4.
  12. Charles-Edwards, "Domnall"
  13. AU 742.7
  14. Charles-Edwards, "Domnall"
  15. AU 744.2
  16. Bhreatnach, "Abbesses", ll. 112–113.
  17. AU 747.4; Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 476–481.
  18. AU 766.2
  19. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 476–481.
  20. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 569–579
  21. Byrne, Irish Kings, lch. 156.
  22. Charles-Edwards, "Domnall"
  23. AU 753.4, 757.9.
  24. AU 756.3
  25. Charles-Edwards, "Domnall"
  26. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 573.
  27. Charles-Edwards, "Domnall"
  28. AU 763.1
  29. Molann Bhreatnach, "Abbesses", lch. 113, gur chaith Domhnall le Darú mar ritheach.
  30. "Domnall", Féilire Aonghasa, líne 234.
  31. Dumville, Félire Óengusso, ll. 22–23.
  32. Byrne, Irish Kings, ll. 156 & 275–276.
  33. Doherty, "Donnchad".
  34. Charles-Edwards, "Domnall".
  35. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 604, shows some of Domnall's children.
  36. AU 765.5.
  37. AU 802.1.
  38. Doherty, "Donnchad"
  39. AU 764.6
  40. Charles-Edward, Early Christian Ireland, lch. 594. Mharaigh Breasal féin sa bhliain chéanna, AU 764.11.
  41. Doherty, "Donnchad"
  42. AU 765.5.
  43. AU 797.1.
  44. Byrne, Irish Kings, lch. 158
  45. AU 795.1
  46. Doherty, "Donnchad".
  47. Byrne, Irish Kings, lch. 282.