Éin atá dúchasach do Chríocha Mheiriceá iad na dordéin agus cuimsíonn siad an fhine bhitheolaíoch Trochilidae. Le thart ar 360 speiceas, faightear iad ó hAlasca go Tierra del Fuego, ach tá formhór mór na speiceas le fáil sna trópaicí. Is éin bheaga iad, le fad 7.5–13 cm. Is é an speiceas dordéin is lú atá ar marthain ná an dordéan beachach (Mellisuga helenae) ag 5 cm, a bhfuil meáchan níos lú ná 2.0 g aige. Is é an speiceas is mó ag 23 cm, agus meáchan 18–24 gram na an fáthach Patagónach (Patagona gigas). Tá siad sainfheidhmeach chun beathú ar neachtar bláthanna, ach itheann gach speiceas feithidí eitilte nó damháin alla .

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDordéan
Trochilidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdApodiformes
FineTrochilidae Cuir in eagar ar Wikidata
Vigors, 1825

Tagairtí cuir in eagar