Bhí an drong dhílseach, an Drong Ghleann Anna (nó the Glenanne[1] Gang) a ghníomhaigh as teach feirme i nGleann Anna i gContae Ard Mhacha, freagrach as breis is céad dúnmharú sna 1970idí agus 80idí. Bhí baill den UDR (reisimint logánta d’Arm na Breataine) agus comhaltaí den RUC i gcomhghuaillíocht leis an UVF i lár Uladh gníomhach san drong.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaDrong Ghleann Anna
Sonraí
Cineáleagraíocht choiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1972
Gníomhaíocht
Ballraíocht40 Cuir in eagar ar Wikidata
Reisimint Chosanta Uladh (UDR)

Imeachtaí cuir in eagar

Is i dtriantán an áir nó an ‘murder triangle’ i lár agus tuaisceart Chontae Ard Mhacha agus in oirthear Thír Eoghain a chothaigh an drong sceon i measc Chaitliceach ar feadh deich mbliana. I measc na ndaoine a mharaigh siad bhí baill an Miami Showband, muintir Reavey,[2] agus na scórtha eachtraí eile leis an drong sin a raibh baill de na fórsaí slándála ina measc; “eiseamláir” an chlaonpháirteachais..[3][4][5]

Claonpháirteachas cuir in eagar

Thar na mblianta, mhúscail an fhianaise faoi chlaonpháirteachas ceisteanna dlisteanacha faoi ról an stáit.[2] Faoi lár na seachtóidí, cuireadh i leith an Ghrúpa Speisialta Patróil, aonad frithsceimhlitheoireachta de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh, go raibh siad páirteach i sraith de dhúnmharuithe seicteacha a rinneadh i lár Uladh, ar nós dhúnmharuithe Reavey agus O'Dowd sa bhliain 1976.

Óglaigh Uladh

Ciontaíodh beirt bhall de chuid an Ghrúpa Speisialta, John Weir agus Billy McCaughey, sa bhliain 1980 i ndúnmharú a rinneadh trí bliana roimhe sin, in ionsaí ar theach tábhairne i gCéideadh, agus i bhfuadach sagairt. Tharraing siad amhras ar a gcuid comhoibritheoirí in aon dúnmharú déag ar a laghad, agus iad ag áitiú gur cuid iad de chomhcheilg fhorleathan a raibh Brainse Speisialta Chonstáblacht Ríoga Uladh, seirbhísí faisnéise Arm na Breataine, agus Fórsa Óglaigh Uladh páirteach inti.

Nuair a bhí na fir seo daortha, cuireadh deireadh leis an nGrúpa Speisialta Patróil. Thug Lárionad Pat Finucane, aturnae Náisiúnaíoch, le fios go raibh an drong a raibh Weir agus McCaughey ag tagairt di, agus í comhdhéanta as saighdiúirí Briotanacha, saighdiúirí dubha agus paraimíleataigh Phrotastúnacha, - go raibh an drong seo freagrach as seacht ndúnmharú is ceithre scór sna seachtóidí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Is botúin iad Glenane agus Glennane
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (2 Lúnasa 2017). "An ‘Glenanne Gang’ agus an claonpháirteachas – an choir nach féidir a scuabadh ar shiúl" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  3. Póilín Ní Chiaráin (19 Samhain 2017). "Gealladh ‘No Stone Unturned’, ach tá an Tuaisceart faoi gheis ag uafáis i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  4. Póilín Ní Chiaráin (26 Meán Fómhair 2021). "An bhfuil Boris Johnson agus Brandon Lewis ag éisteacht ar chor ar bith?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  5. Youtube (Clár faisnéis). "'No Stone Unturned' - Trailer" (as en).