EIRSAT-1
Is tionscadal spáis Éireannach é an Educational Irish Research Satellite 1 nó EIRSAT-1.[1] Is é EIRSAT-1 an chéad satailít Éireannach agus is é an chéad mhisean spáis Éireannach freisin é. Tá an tionscadal á fhorbairt ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste faoi láthair.
Cineál misean | CubeSat (en) |
---|---|
Airíonna árthaigh | |
Monaróir | Arianespace |
Tús an mhisin | |
Feithicil lainseáil | Vega C (en) |
Tugadh cead don satailít ó Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, i mí Bhealtaine 2017, mar chuid den chlár 'Fly Your Satellite!'. Chomh maith le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá na comhlachtaí Éireannacha ENBIO agus SensL ag cabhrú leis an satailít.
Stair cuir in eagar
Tugadh cead don mhionsatailít céim a bhogadh i dtreo lainseáil ó athbhreithniú dearadh. Satailít é EIRSAT-1 a thóg scoláirí de chuid UCD thar thréimhse 6 bliana.
Aidhmeanna cuir in eagar
Is iad aidhmeanna an tionscadail ná:
- Forbairt a dhéanamh ar an saineolas san ardoideachas i spás, eolaíocht agus innealtóireacht.
- Dul i ngleic le heaspa scileanna san earnáil spáis.
- An chéad ghlúin na mic léinn eile a spreagadh i dtreo staidéir ar an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM).
Lainseáil cuir in eagar
Pleanáladh i dtosach an tsatailít a bheith lainseáilte i2022.[2] Bhí sé mar aidhm go mbeadh an satailít i bhfithis an Domhain ar feadh sé mhí go bliain amháin. Ar deireadh seoladh EIRSAT-1 isteach sa spás inniu an 1 Nollaig 2023.
Ealaíon ar an tsatailít cuir in eagar
Rinneadh dán nuascríofa dar teideal 'Gach Slí Abhaile’ All Ways Home, a chum dháréag daltaí ó scoileanna DEIS, a ghreannadh ar thaobh EIRSAT-1. Greanadh an dán sin le léasar ar an gcumhdach seachtrach den Mhodúl Feidhmithe Aeróige, .i. an chuid sin den satailít a dhéanann an chumarsáid leis an mbaile. Déanann ’Gach Slí Abhaile’ ceiliúradh ar chlochmhíle thábhachtach do UCD agus Eolaíocht Spáis na hÉireann. Ba é an file Eoin Mc Evoy ó Scoil na Gaeilge a d'aistrigh an dán go Gaeilge faoin teideal ‘Gach Slí Abhaile’ agus rinne sé an guthú ar an leagan Gaeilge den fhíseán.
Chun cruthaitheacht na ndaltaí, na foirne teagaisc agus na n-ealaíontóirí eile ar fad a d’oibrigh le chéile ar an dán a cheiliúradh, rinne Coláiste na nEalaíon agus nDaonnachtaí UCD agus Taighde UCD coimisiúnú ar bheochan trí nóiméad leis an maisitheoir mór-ráchairte Alan Dunne. Rinne an tOllamh Lorraine Hanlon, Stiúrthóir EIRSAT-1 agus Ionad UCD um Thaighde ar an Spás, coimisiúnú ar ‘All Ways Home’. Spreagadh na scríbhneoirí óga sna scoileanna le machnamh a dhéanamh ar aistear na satailíte isteach sa spás agus ag an am céanna ar an mbaile, ár suíomh áitiúil agus domhanda sa chruinne, rud a shíneann i bhfad raon ár dtuiscinte daonna. Is é sin is ábhar don dán.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "EIRSAT-1 | Ireland's first satellite" (en). eirsat1. Dáta rochtana: 2020-09-12.
- ↑ "The first-ever Irish-made satellite could be orbiting the planet next year" (en). www.www.thejournal.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.