Thosaigh ealaín na nEorpach san Astráil san 18ú céad le tithe coilíneacha aonurláir le vearandaí, cosúil le stíl Sheoirseach is Leasríochta Shasana. Sna 1830idí baineadh feidhm as stíl Ghotach d'eaglaisí Anglacánacha (Ardeaglais Aindriú i Sydney, 1837, mar shampla), agus stíl Ghréagach d'fhoirgnimh phoiblí. Tharraing na healaíontóirí grafacha ar ainmhithe is fásra na hAstráile ón 18ú céad ar aghaidh, agus rinne péintéirí tír-radharc cosúil le John Glover (1767-1849) is Conrad Martens (1801-1878) iarracht ar ghairbhe na tíre a léiriú. Bhí tionchar beag ag stíleanna is faisin na hEorpa ar Frederick McCubbin (1855-1917) is Tom Roberts (1856-1931), ach shaothraigh siad dearcadh Astrálach ar an nádúr. Ba bheag tionchar na healaíne teibí nó osréalaíche ar an nglúin ina dhiaidh sin ach an oiread, agus chloígh William Dobell (1899-1970), Russell Drysdale (1912-1991) is Sydney Nolan (1917-1992) le healaín oirirc Astrálach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na hAstráile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.