Bhain ealaín Phoblacht na hOllainne (Protastúnach den chuid is mó) buaic an-ard amach sa 17ú céad. Sa phéintéireacht go háirithe, i ndiaidh van Eyck is Bosch sa ré roimhe sin, tháinig Hals, Rembrandt, Steen, Ruysdael is Vermeer chun cinn le léargais ón Athbheochan san Iodáil. Faoi dheireadh an chéid ba é Haarlem, mar ar shaothraigh Hals, lárionad na péintéireachta. Ag an am sin bhí Terbrugghen is Honthorst ag saothrú stíl Iodálach Caravaggio in Utrecht, agus ba é lár an mhargaidh Eorpaigh san ealaín Amstardam, mar ar shaothraigh Rembrandt ó 1632. Ní raibh aon éileamh ar théamaí reiligiúnda, agus dhírigh na healaíontóirí Ollannacha ar phortráidí, radhairc tíre is ábhair neamhbheo.[1]

Féinphortráid Rembrandt ón bhliain 1661

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na hOllainne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.