Eangach stór cáilíochtaí

Teicníocht a shaothraigh an síceolaí Meiriceánach George Kelly (1905-1966) chun tuairimí freagróra a fháil ar ghné éigin den saol. Táirgeann an freagróir liosta de na gnéithe lena ngrádaíonn sé rudaí nó daoine (comhghleacaithe, mar shampla). Is féidir struchtúr na heangaí seo a úsáid chun cur síos ar conas a fheiceann an freagróir an saol. Baintear feidhm as i dtraenáil sa bhainistíocht, agus teiripe urlabhra.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eangach stór cáilíochtaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 236.