Is éard a bhí in Earrach Phràg (Pražské jaro sa tSeicis) ná tréimhse sa bhliain 1968 nuair a d'éirigh cúrsaí polaitíochta ní ba liobrálaí sa tSeicslóvaic.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEarrach Phrág
Íomhá
Cineálimeacht stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPrág Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dehistory of Czechoslovakia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1968 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn tSeicslóvaic Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíPáirtí Cumannach na Seicslóvaice Cuir in eagar ar Wikidata


Tanc T-54A (taispeántas 2008)

Cúlra cuir in eagar

 
Antonín Novotný 1968

Chuir ceannaireacht an Pháirtí Chumannaigh san Aontas  Sóivéadach deireadh le riail Chruistsiof sa bhliain 1964 mar nach raibh siad sásta le cuid dá pholasaithe. Ghlac Leonid Brezhnev, a bhí níos radacaí ná é a áit[1]. Ba é an chéad mhórfhadhb a bhí le socrú aige géarchéim na Seicslóvaice sa bhliain 1968.

 
Leonid Brezhnev- Samhain 1974

Athruithe sa tSeicslóvaic cuir in eagar

Thosaigh Earrach Phrág ar 5 Eanáir le toghchán an leasaitheora Alexander Dubček mar Phríomh-Rúnaí Pháirtí Cumannach na Seicslóvaice.

 
Alexander Dubček - Meán Fómhair 1968

In Eanáir 1968 ghlac Alexander Dubcek (cumannaí measartha ba ea é) áit Novotny a bhí ní ba dhiongbháilte. D’éirigh Novotny as mar go raibh sraith agóidí i ndiaidh titim amach sa tír. Bhí siad seo ann de bharr easpa ceart sibhialta sa tír agus an chaighdeáin ísil mhaireachtála a bhí ag na daoine i ndiaidh 20 bliain faoi na Cumannaithe.

Ba mhian le Dubcek go bhfanfadh an tSeicslóvaic leis an chumannachas. Ach thuig sé go mbeadh leasuithe de dhíth le go mbeadh na daoine sásta glacadh leis seo. Ba é ‘sóisialachas le haghaidh daonnachta’ an aidhm a bhí aige.

Chuige sin, chuir Dubcek leasuithe eacnamaíocha agus polaitiúla i bhfeidhm. Ina measc bhí:

  •  
    Saoirse labhartha agus saoirse sna meáin chumarsáide
  •  
    Níos lú cumhachta lárnaithe
  • Forbairt i dtrádáil eachtrach
  • Deireadh le cosc ar dhaoine taisteal thar lear
  • Laghdú ar chumhacht na bpóilíní rúnda

Cuireadh fáilte fhorleathan roimh na leasuithe seo. Tugadh ‘Earrach Phrág’ ar an atmaisféar nua seo.

Freagra ar pholasaí Dubcek cuir in eagar

Níor cuireadh fáilte roimh pholasaithe Dubcek i Moscó. Mhothaigh Brezhnev go leanfadh tíortha eile in oirthear na hEorpa sampla Dubcek agus go mbeadh scrios an "Chuirtín Iarainn" mar thoradh deiridh air. Bhí ceannairí cumannacha na Gearmáine Thoir agus na Polainne den tuairim seo fosta. 

Scríobh ceannairí na dtíortha seo maraon le ceannairí na hUngáire agus na Bulgáire chuig Dubcek i mí Iúil 1968 lena mbuaireamh a chur in iúl.


Chuir Dubcek ina luí orthu go raibh sé tiomanta don sóisialachas agus go bhfanfadh an tSeicslóvaic i gComhaontú Vársá.

Ina ainneoin seo, chuir Brezhnev 400,000 saighdiúir isteach sa tír ar 20/21 Lúnasa 1968. Mar sin, tháinig Earrach Phrág chun críche ar 21 Lúnasa nuair a tháinig fórsaí Chonradh Vársá isteach sa tír.

 

Mhaígh Brezhnev gur iarr baill shinsearacha den pháirtí chumannach air seo a dhéanamh. Cé gurbh fheachtas de chuid Chomhaontú Vársá é seo go hoifigiúil, agus go raibh saighdiúirí ón Bhulgáir, ó Oirthear na Gearmáine agus ón Pholainn ann ba iad na Sóivéadaigh ba mhó a bhí chun tosaigh.

Freagra ar an ionradh cuir in eagar

D’aithin Dubcek nárbh fhiú fórsa a úsáid in éadan an ionraidh seo agus mhol sé dá mhuintir gan seo a dhéanamh. Mhol sé dóibh cur in éadan an ionraidh le hidirbheartaíocht shíochánta. Ghlac an chuid ba mhó de na daoine leis an chomhairle seo ach bhí troid i roinnt áiteanna. B’éigean do Dubcek dul go Moscó agus ar theacht ar ais dó d’fhógair sé go raibh Earrach Phrág thart.

D’éirigh Dubcek as a phost cúpla mí ina dhiaidh sin agus ghlac cumannaí antoisceach darbh ainm Gustav Husak a áit.

"Dúnghaois Brezhnev" cuir in eagar

 

I Samhain 1968, chosain Brezhnev na gníomhaíochtaí a chuir se i gcrích sa tSeicslóvaic. Mhaígh sé go raibh sé de dhualgas ar thíortha cumannacha gníomhú le chéile le cosc a chur ar thír chumannach eile tiontú ar an chaipitleachas. Tugadh "Dúnghaois Brezhnev" ar an pholasaí seo. Níor thug tíortha an Iarthair níos mó ná focail chomhbhróin mar thacaíocht don tSeicslóvaic, mar a bhí amhlaidh leis an Ungáir 12 bhliain roimhe sin.

Bhí SAM sáite i Vítneam agus bhí siad den tuairim nárbh fhiú dóibh a ladar a chur isteach i ngnóthaí taobh thiar den Chuirtín Iarainn. Ní raibh siad ag iarraidh damáiste a dhéanamh den dea-chaidreamh a bhí le sonrú idir an tIarthar agus an tOirthear le blianta beaga anuas. Tugadh Détente ar an fheabhas seo sa chaidreamh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmaid Ua Bruadair. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 21 Lúnasa 2018.