Sa mhatamaitic, déanann gach uimhir idir dhá uimhir fhosaithe, a agus b, eatramh oscailte, a scríobhtar mar (a, b). Má chuimsíonn an t-eatramh na huimhreacha a is b, tugtar eatramh iata [a, b] air. Tugtar teorainneacha an eatraimh ar a is b. Léirítear eatramh oscailte ar an uimhirlíne le críochchiorcal neamhscáthlínithe. Bíonn críoch-chiorcal scáthlínithe ag eatramh iata.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eatramh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 239.