Edward Walsh

file Éireannach

File agus aistritheoir Éireannach ab ea Edward Walsh (18056 Lúnasa 1850). Níor mhór é a áireamh i measc an tseisir is fearr sa 19ú céad a d’aistrigh amhráin Ghaeilge go Béarla agus tá gearrchuntais ar a bheatha sna foclóirí beathaisnéise. Is léir gur bunaíodh iad go príomha ar an gcuntas a bhí ag Timothy Gleeson in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society in 1893 (‘Edward Walsh, the Irish Poet and Translator . . .: a biographical sketch, with poetry’). Tugann Robert Welch caibidil iomlán dá aistriúcháin in A History of Verse Translation from the Irish 1789-1897, 1988. Foilsíodh A Tragic Troubadour: Life and Collected Works of Folklorist, Poet and Translator Edward Walsh (1805-1850), 2005 le John J. Ó Ríordáin, CSSR (735 lch).

Infotaula de personaEdward Walsh
Beathaisnéis
Breith1805
Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Lúnasa 1850
44/45 bliana d'aois
Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteW—— Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Luathshaol cuir in eagar

B’as ceantar Shráid an Mhuilinn, Contae Chorcaí, dá thuismitheoirí. Gairid i ndiaidh a phósta díshealbhaíodh an t-athair agus liostáil sé i Mílíste Chorcaí Thuaidh. Is nuair a bhí sé ar stáisiún i gcathair Dhoire a rugadh Edward. Tugtar le tuiscint gur i ndiaidh Waterloo a d’fhill an teaghlach ar Shráid an Mhuilinn. D’fhoghlaim an buachaill óg Gaeilge ó mhuintir na comharsanachta agus d’fhreastail sé ar scoil scairte.

Conair ghairme cuir in eagar

Bhí sé tamall ina oide tí ag ball parlaiminte agus bhí i bpríosún píosa eile de bharr páirt a ghlacadh san agóid timpeall na nDeachúna. Fuair sé post múinteora náisiúnta sa Ghleanntán in aice le Mala ach briseadh as é in 1842 nuair a scríobh sé ‘What is Repeal, Papa?’ in The Nation. Timpeall an ama chéanna bhí sé ag scríobh seanscéalta in Dublin Penny Journal agus bhíodh véarsaí aige in Dublin Journal of Temperance, Science and Literature. Fuair sé post eile múinteoireachta i dTúirín in aice le Ceapach Choinn agus is ann a phós sé Bridget Sullivan ón Eaglais. Is di a chum sé an t-amhrán Béarla ‘Brídín Bán mo Stór’. Tharraing Seán Ó Dálaigh aird Charles Gavan Duffy air agus tugadh obair liteartha dó i mBaile Átha Cliath. Bhí sé tamall de 1843 ina fho-eagarthóir ar The Irish Monitor. D’fhoilsigh Ó Dálaigh Reliques of Irish Jacobite Poetry (1844), cnuasach d’aislingí agus d’amhráin eile i nGaeilge le haistriúcháin Walsh.

Sheol sé litreacha ó 23 Duke’s Row, Summerhill, agus ó Richmond Cottages sa cheantar céanna chuig Seán Ó Dálaigh in Eanáir-Márta 1844 (i gcló in eagrán (1883) Irish Popular Songs agus is léir orthu gur shíl sé go ndearna an Bord Oideachais éagóir air sa Túirín. Ar 5 Eanáir scríobh sé:

"I was in the hope that the board would allow me back to my snug residence in Tourin, but they decided against it yesterday, though Sir R. M——— and the superintendent applied in my behalf. I am grieved that my poor wife and infants will be disturbed in their calm solitude, and sent up here in winter weather—God pardon the doers of this injustice. You will say, perhaps, that it is the best course for my future advancement. It may be so, but I am not well fitted for the bustle of a town life, and besides, I dread if my health which is not very robust, should fail—I dread the fate of my family.’ ‘J. S. S.’ a sholáthair réamhrá sa dara heagrán sin: ‘Well we remember (though now forty years since) following Walsh in the twilight of an autumn evening, drinking in the odd chords that came from the little harp that lay on his left arm as he wandered, lonely and unknown, by the then desert Jones’s Road, or reposed himself on one of the seats that at that time were outside the walls of Clonliffe House."

I réamhrá Irish Popular Songs, 1847 chaith Walsh anuas ar na scoileanna náisiúnta i ngeall ar a bhfaillí sa Ghaeilge agus thug eolas ar a shaothar mar bhailitheoir amhrán. Ní róshásta a bhí sé i mBaile Átha Cliath agus fuair sé post mar mhúinteoir náisiúnta, ag teagasc na n-ógchoirpeach in Inis Píc an babhta seo. Deir Gleeson go raibh lámh ag Sir Richard Musgrave sa cheapachán—b’as Túirín dá mhuintir sin. Tá curtha síos ag Seán Mistéal in Jail Journal ar an gcuairt a thug Walsh air 30 Bealtaine 1848 sular seoladh go dtí Van Diemen’s Land é. Is mar seo a d’aistrigh Eoghan Ó Neachtain an suimiú a rinne sé: ‘An Breathnach bocht! Tá muirín lag, óg air agus do réir cosúlachta tá sé gan croí gan tsláinte. Tá an scrios dá thuar dó leis na blianta ach sílim go bhfuil sé scriosta fá dheireadh. Tá príosúnaigh ag obair ar an oileán agus is sásta atá siad ná an múinteoir scoile. B’fhéidir go bhfuil éad ag an bhfear liom dáiríre; go dearfa níl aon éad agam-sa leis-sean’ (Irisleabhar an príosúin Sheáin Mhistéil, 1910-11). Briseadh as a phost arís é nuair a fuair na húdaráis tuairisc na cuairte sin. Ag múineadh i dTeach na mBocht i gCorcaigh a chéad stáisiún eile ach ba ghairid gur theip ar a shláinte. D’éag sé 6 Lúnasa 1850 agus cuireadh é i reilig Naomh Seosamh i gCorcaigh. Tuairim 1857 chuir lucht na gceird sa chathair leacht suas ina onóir le hinscríbhinn Ghaeilge agus Béarla agus cabhraigh leis an mbaintreach agus a muirear dul ar imirce chun na hAstráile. Faoi 1891 bhí droch-chaoi ar an leacht agus cuireadh coiste ar bun lena athchóiriú. Seán Pléimeann agus Pádraig Ó Briain a chum an inscríbhinn bhreise.

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar