Eimear Ní Chonaola

láithreoir agus iriseoir teilifíse

Is iriseoir agus láithreoir teilifíse Éireannach as an Spidéal í Eimear Ní Chonaola (a rugadh in 1977[1]). Ó 2006 i leith, tá Ní Chonaola ina léitheoir nuachta ar Nuacht TG4 agus ar Nuacht RTÉ.

Infotaula de personaEimear Ní Chonaola
Beathaisnéis
Breith1977
46/47 bliana d'aois
An Spidéal, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: Enichonaola Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Ní Chonaola sa Sián[2] i ngar don Spidéal. Is cainteoir dúchais Gaeilge í, agus bhain sí BA amach in OÉ Gaillimh in 1997, agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach in 1998.

Gairm iriseoireachta cuir in eagar

Bhí Ní Chonaola ina ball d’fhoireann Nuacht TG4 ón tús, agus thosaigh sí ag obair sa seomra nuachta mar iriseoir i mí Dheireadh Fómhair 2000.

Rinne Ní Chonaola cathaoirleacht ar an gcéad díospóireacht toghcháin riamh i nGaeilge ar an 16 Feabhra 2011, nuair a bhí sí ina hóstach ar cheann de na díospóireachtaí oifigiúla de chuid olltoghchán na hÉireann 2011 idir Éanna Ó Coinnigh, Éamon Mac Giollamóir agus Mícheál Martin. Bhreathnaigh thart ar 600,000 duine ar an gclár ar TG4. Tugadh ardmholadh di sna nuachtáin náisiúnta as a cuid oibre mar chathaoirleach ar an díospóireacht, agus bronnadh gradam Pearsa Theilifíse na Bliana uirthi ag Oireachtas na Gaeilge 2011.

Bhí Ní Chonaola ar The Late Late Show ar an 4 Márta 2011, in éineacht le Coman Goggins agus Róisín Ní Chúaláin chun Seachtain na Gaeilge a chur chun cinn.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012, sheol sí tionscnamh gnó in éineacht le Gaillimh le Gaeilge.

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá mac ag Ní Chonaola darbh ainm Cuan.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. [1][nasc briste]
  2. Eimear agus an díospóireacht mhór”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-22. Dáta rochtana: 2012-04-17.
  3. "At home with... Nuacht Newscaster Eimear Ní Chonaola" (2021-01-26). Dáta rochtana: 2024-02-10.