Staidéar ar obair, dearadh an láthair oibre, anailís is traenáil scileanna na hoibre, agus iarmhairtí na timpeallachta fisiciúla is síceolaíche, cosúil le strus na hoibre, earráidí is taismí. Úsáidtear na téarmaí ‘innealtóireacht dhaonna’ is ‘fachtóirí daonna’ don disciplín seo freisin. Go minic, is gá comhoibriú idir anatamaithe, fiseolaithe, síceolaithe is innealtóirí sa staidéar seo, ina mbailítear cuid mhaith sonraí ar chumais na colainne daonna. Tosaíodh uirthi go luath sa 20ú céad nuair a tugadh isteach olltáirgeadh earraí go forleathan agus a rinneadh staidéir ama is gluaiseachta chun tascanna a anailísiú is a fheabhsú. Tagann torthaí na saothar seo san áireamh i ndearadh monarchana is oifigí, leagan amach stáisiúin cumhachta, agus dearadh ionstraimí i bhfeithiclí. Déantar moltaí maidir le torann is truaillithe eile, tréimhsí oibre, agus coinníollacha soilsithe. Leis an méadú san uathoibriú ar gach gné den obair, is lú an bhéim anois ar chomhordú láimhe is súile ná ar mhonatóiriú eolais is cinnteoireacht. Roimh na 1970idí bhíodh an-bhéim ar idirghníomhuithe duine/ meaisín, ach is mó ar fad an bhéim anois ar idirghníomhuithe duine/ríomhaire. I measc na gceannródaithe sa disciplín seo, bhí an t-innealtóir Meiriceánach Frederick W. Taylor (1856-1915) agus an cúpla Meiriceánach Lillian (1868-1972) is Frank (1868-1924) Gilbreth.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Eirgeanamaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.