Is milseogra faoi leith é eithneagán a dhéantar le siúcramil, cnónna rósta amhail almóinní, gallchnónna, cnónna pistéiscnónna coill. Anois is arís is féidir torthaí siúcraithe tuaite a bheith mar chomhábhair. Is féidir le heithneagán a bheith bog nó crua ag brath ar a chomhábhair. Baintear feidhm as i mórán milseogra agus táirgí seacláide amhail Toblerone.

Bosca Sonraí BiaEithneagán
Bunús
Tír dhúchaisan Iodáil
Sonraí
Cineálsólas
Príomh-chomhábhairsiúcra

Tá dhá cineál eithneagán ann: geal agus donn. Déantar eithneagán geal (a d'eascair ó Montélimar, An Fhrainc, san 18ú haois) le gealacáin uibhe buailte agus tá sé bog, ach os a choinne sin, tá eithneagán donn (ar a ghlaotar nougatine i bhFraincis) déanta le siúcra caramalaithe agus tá uigeacht níos crua agus briosc aige.

Stair agus Cúlra cuir in eagar

 
Eithneagáin éagsúla ar thaispeáint

Tá eithneagán á dhéanamh leis na cianta. Déanadh san Áis ar dtús é de bharr líonmhaireacht na halmóinní, an mhil agus spíosraí. D'fhoghlaim na Gréagaigh conas é a dhéanamh freisin.

Sa 14ú aois, cheap milseogaire sa Damaisc oideas eithneagáin ar a bhfuil eithneagán bunaithe sa lá atá inniu ann. Chuireadar leis an mblas trí chnónna pistéise ó Aleppo a chuir leis an oideas. Rinneadh eithneagán geal le siúcra, cnónna pistéise, uisce ó lus an chrainn oráiste agus blúirín fhanaile. Fuair eithneagán donn a dhath ón siúcra rua a bhaintear feidhm as san oideas. Fuair sé a thaise ó ghuma arabach aiceanta a chuireadh leis i rith a dhéanamh. Chuireadh fanaile, rósuisce agus lus an oráiste leis an oideas chun an blas a fheabhsú.

Sa 17ú haois, nuair a hallmhairíodh eithneagán isteach i bProvence, sa Fhrainc, ba i Marseille amháin a raibh cead eithneagán a dhéanamh. An tráth sin, ghlaoch "nux gatum" ar eithneagán de bharr na cnónna a bhí ann agus é á dhéanamh.

I rith an 17ú haois, chuir Olivier de Serres plandaí almóinne gar do Montélimar agus bhain sé feidhm as na halmóinní chun eithneagán a dhéanamh. De bharr feabhas na halmóinní agus an t-eithneagán, thosaigh daoine eile ag cur almóinní. Is i rith an tréimhse seo a bhfuair eithneagán Montelimar an ceann is fearr ar eithneagán Marseille.

Tháinig an t-eithneagán Montelimar a bhfuil clú agus cáil air sa lá atá inniu ann ar an bhfód i lár an t-ochtú haois déag nuair a chuireadh gealacán uibhe, leáite le mil agus siúcra, chun aer a chur sa thaos.

Eithneagán Montelimar cuir in eagar

 
Féirín de Montélimar : eithneagán i mála galánta.
 
An t-eithneagán is mó ar domhain (le feiceáil i bPalais des Bonbons et du Nougat)

Is do eithneagán amháin ina bhfuil ar a laghad 30% almóinní, nó 28% almóinní agus 2% cnónna pistéise, agus 25% mil an teideal Nougat de Montelimar (Eithneagán Montelimar).

Déantar an t-eithneagán a ullmhú de réir an dóigh seannósach .i. i gcorcán, nó ar bhealach tionscalaíodh i monarcha.

Tá trí chuideachtaí dhéag ann a tháirgeann eithneagán Montelimar.

Éagsúlacht cuir in eagar

Tá an eithneagán a dhéantar sa Spáinn, darbh ainm turrón, déanta le almóinní, siúcra, mil agus gealacáin uibhe. Tá na comhábhair chéanna le fáil san eithneagán a dhéantar san Iodáil, a ghlaotar Torrone air, ach go bhfuil blaistiú fanaile nó citreas ann chomh maith, agus go minic cuirtear ar fáil é idir dhá bhileog de pháipéar ríse.

Déantar eithneagán san Astráil cosúil leis an t-eithneagán Francach ach gurb iad almóinní 50% dos na comhábhair, ar aon le cnónna Macadamia, aibreoga nó ábhair eile. De ghnáth, déantar dhá leagain - bog agus briosc. Déantar briosc é trí thuaslagán siúcra a théamh chuig teochtaí éagsúla roimh na gealacáin uibhe agus an mhil a mheascadh isteach ann.

Is leagan eile é "Wiener Nougat", nó, i nGearmáinis, "Schmelz-Schokolade" (seacláid leáite) nach bhfuil ann ach siúcra, cócó agus almóinní. Tá raimhre maothlach ag an t-eithneagán áirithe seo. Glaotar gianduia ar eithneagán sa Ghearmáin de ghnáth. Türkischer Honig (mil Thurcach) an t-ainm atá ar eithneagán sa Ghearmáin.

Tá a leagan féin darbh ainm gaz ag muintir na hIaráine. Tá sé á dhéanamh ag Ashrafi Gaz, Sekkeh Gaz agus déantasóirí eile nach iad in Isfahan, An Iaráin leis na cianta. Tá an t-úsc siúcrach ó fhréamh an Tamaraisc san eithneagán seo.

Is gaz faoi leith é Nogha (نوقا) i bhFairsis. Déantar Nogha beagnach go huile is go hiomlán le gallchnónna in ionad cnónna pistéise agus almóinní, ábhair a bhaintear feidhm as i gcineálacha gaz eile. Déantar Nogha ar an dóigh chéanna nach mór agus mar a dhéantar na cineálacha gaz eile ach amháin go leatar an Nogha idir dhá chisil abhlainne atá an-chaol go deo agus gearrtar i mhíreanna atá 10x5x5cm ar fhad, míreanna atá níos mó ná na gnáthmhíreanna gaz.

Tá cineálacha eithneagán éagsúla ón Afraic ann. Tá dathanna éagsúla orthu ón cheann geal darbh ainm kurtzati go dtí an ceann dubh darbh ainm baxtiti. Bíonn torthaí mar chomhábhair iontu de ghnáth in ionad cnónna. Bíonn an méid is mó torthaí san eithneagán donn darbh ainm simchati.

Tagairtí cuir in eagar