Emilie de Ravin

ban-aisteoir Astrálach

Is ban-aisteoir Astrálach í Emilie de Ravin a rugadh ar an 27ú Nollaig, 1981. Tá cáil ar de Ravin mar gheall ar a ról i gclár teilifíse de chuid ABC, Lost mar Claire Littleton agus mar Emily Kostich sa scannáin Brick.

Infotaula de personaEmilie de Ravin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Nollaig 1981
42 bliana d'aois
Mount Eliza, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síNational Institute of Dramatic Art (en) Aistrigh
Australian Ballet School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde157 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1999 –
TeangachaBéarla

IMDB: nm0211087 Allocine: 104549 Allmovie: p347717 TCM: 860786 TV.com: people/emilie-de-ravin
Facebook: EmiliedeRavin Twitter: emiliederavin Instagram: emiliede_ravin Cuir in eagar ar Wikidata

Saol roimh Cáil cuir in eagar

Rugadh agus tógadh de Ravin i Mount Eliza, Victoria, na hAstráile. Rinne sí staidéar ar an bailé óna raibh sí naoi mbliana d'aois i scoil bhailé Christa Cameron i Melbourne agus mhúin a mháthar ón baile í. Nuair a bhí sí cúig-déag bliana d'aois ligeadh isteach san Austrailian Ballet School í, áit nach glacadh ach na dámhsóirí ab fhearr. Agus í ansin ghlac sí páirt i léiriúcháin de chuid an Austrailian Ballet agus Danceworld 301 chomh maith. Rinne de Ravin staidéir ar an aisteoireacht sa National Institute of Dramatic Art san Astráil agus le Prime Time Actors Studio i Los Angeles.

Gairm cuir in eagar

 
Emilie de Ravin ag na MuchMusic Video Awards 2007

An chéad ról mór a bhí ag de Ravin ná mar Curupira sa chlár teilifíse Beastmaster. I ndiaidh sin lean sí uirthi chun ról a fháil mar eachtráin/hibrid daonna, Tess Harding, sa chlár teilifíse de chuid the WB, Roswell. Fuair sí an ról seo i Roswell mí amháin i ndiaidh di Los Angeles a shroiceadh agus ní raibh sí ach ocht mbliana déag d'aois ag an am. Níos déanaí, sa bhliain 2004, fuair sí páirt mar príomhaisteoir sa i Lost mar Claire Littleston, bean torrach. Sa bhliain 2006 bhí páirt aici in dhá scannáin, Brenda Carter i The Hills Have Eyes, agus mar Emily Kostich i Brick, scannán a bhfuair fáiltiú ollmhór ag an Sundance Film Festival an bhliain sin. Sa bhliain 2007 fuair de Ravin onóir uaidh an Austrailians In Film Council, ghradam atá faighte ag leithéidí Nicole Kidman, Russell Crowe, Heath Ledger agus Hugh Jackman. Sa bhliain 2008 beidh de Ravin páirteach sna scannáin Ball Don't Lie agus The Perfect Game. Tá ráflaí ann go mbeidh sí ag glacadh páirt Rosalie Hale san athchóiriú ar Twilight a mbeidh á dhéanamh go luath, ach níl sé seo cinntithe go fóill.

Saol pearsanta cuir in eagar

Phós de Ravin aisteoir, Josh Janowicz, ar 19ú Meitheamh 2006, ach scair siad óna chéile i Mí Eanáir, 2007. Tá an bheirt i mbun colscaradh a fháil.

Saothair aisteoireachta cuir in eagar

Scannáin & Teilifís
Bliain Teideal Ról Nótaí eile
1999 Beastmaster Curupira 8 cláir 1999 - 2000
2000 Roswell Tess Harding 28 cláir 2000 - 2002
2002 Carrie Chris Hargensen
2003 NCIS Nancy Clár amháin
The Handler Gina 2 cláir 2003 - 2004
2004 CSI:Miami Venus Robinson Clár amháin
Lost Claire Littleton 77 cláir 2004 - 2008
2005 Brick Emily Kostich
Santa's Slay Mary 'Mac' Mackensie
2006 The Hills Have Eyes Brenda Carter
2008 Balls Don't Lie Níl ainm carachtair aicí go fóill
The Perfect Game Frankie

Naisc Sheachtracha cuir in eagar