Enbarr

capall le Manannán mac Lir

I Miotaseolaíocht na nGael, capall le Manannán mac Lir ab ea Enbarr, a raibh ar a chumas dul ar talamh agus muir araon. Thug Manannán an capall ar fáil do Lugh Lámhfhada.

Sanasaíocht cuir in eagar

Faightear bríonna éagsúla tugtha sin ainm.

  • Tugtar an ghluais "úan tuinde", uan/coipeadh toinne, dó i Sanas Cormaic, miondealaithe mar: en[1] + barr.[2][3]
  • "Aon Moing" ag O'Curry, miondealaithe mar: aon + barr[4][5]
  • Mheas John Rhys gurbh í brí an ainm ná "bhí ceann éin aici", agus is amhlaidh gur cheap ar gur láir a bhí inti.[6]
  • Moltar brí eile fós, "ardcheannas uathúil", ón bhfoirm Nua-Ghaeilge aonbharr, san "ainmneoir"<>focal → foclóir, ainm →ainmneoir</ref> le James Mackillop.[7]

I measc roinnt litrithe eile tá Énbarr, Aenbharr agus Aonbharr.

Seanscéal cuir in eagar

Sa scéal úd, dhiúltaigh Lugh an capall a thabhairt ar iasacht do mhic Tuireann, ag maíomh nárbh fhéidir leis rud a thabhairt ar iasacht a raibh féin ar iasacht. De bharr seo ámh, b'éigean dó níos deireanaí an churach féin-stiúradh darbh ainm Scuabadh Toinne a thabhairt.[5][8]

Cultúr na ndaoine cuir in eagar

Tá Enbarr an sa chluiche físe 2013, Final Fantasy XIV (en). Is féidir Enbarr a fháil tríd an leibhéal as cuimse ar The Whorleater, mar titim fánach.[9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. en ar eDIL, uisce, cf. eanach
  2. barr 4. (b) ar teanglann.ie FGB, screamh
  3. O'Donovan tr. (1868), "Enbarr", Sanas Chormaic, lch. 66.
  4. 1 barr (d) ar eDIL, cúl gruaige
  5. 5.0 5.1 O'Curry, Eugene (1863). "(A)oidhe Chloinne Tuireann The Fate of the Children of Tuireann". The Atlantis IV: 157-240. . Meaning of "Aonbarr" glossed on lch. 163 n145.
  6. Rhys, John (1891). "Studies in the Arthurian". Clarendon. 
  7. Mackillop, James (1998). "Énbarr". Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press. p. 182. ISBN 0192801201.
  8. Joyce, P. W. (1894). "The Fate of the Children of Turenn; or, The Quest for the Eric-Fine": 37-95. 
  9. "Enbarr – Gamer Escape" (en-US).