Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, mac Chairbre, rí na Teamhrach ab ea Earc Mac Cairbre (Sean-Ghaeilge Erc mac Cairpri). Fedelm Noíchrothach, iníon Conchobar mac Nessa, rí na nUladh, agus bean chéile Chairbre, ab ea a mháthair.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarErc mac Cairpri
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairFedelm Noíchrothach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCairpre Nia Fer Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis do laoch na nUladh, Cú Chulainn, Cairbre a mharú le linn Cath Ros na Ríg, rinneadh Earc ina rí Teamhrach. Phós sé Fínscoth, iníon Chú Chulainn, agus mhionnaigh a dhílseacht dá sheanathair, Conchúr. Bheartaigh sé comhcheilg ámh le Lughaidh Mac Chú Raoi agus roinnt eile chun Cú Chulainn a mharú. Mar chúiteamh, maraíodh eisean ag Conall Cearnach, deartháir altrama Chú Chulainn. Thóg Conall a cheann leis ar ais go Teamhair, agus d'éag a dheirfiúr Achall le crá croí.

Tagairtí cuir in eagar