Is éard is Escherichia coli ann (nó E.coli) ná speiceas baictéar slatchruthach a thaightear i gconair an díleá in ainmhithe, daoine ina measc, agus atá coiteann san ithir is gnáthóga uisciúla.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEscherichia coli Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamPseudomonadota
AicmeGammaproteobacteria
OrdEnterobacterales
FineEnterobacteriaceae
GéineasEscherichia
SpeiceasEscherichia coli Cuir in eagar ar Wikidata
Mig., 1895
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Bacillus coli communis Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an géineas ainmnithe as Theodor Escherich, a chéad d'aimsigh E.coli.

Escherichia coli bacterium : trasghearradh de chill E.coli
Dumhach Trá, BÁC truaillithe

Pataigin cuir in eagar

Ní dhéanann an chuid is mó de na tréithchineálacha E.coli aon dochar do dhaoine, ach tá roinnt fíor-phataigineach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht bhaictéarach srl.

Is iad E.coli agus eintreacocas na stéige an dá chineál baictéar is coitianta. Orgánaigh bhídeacha is ea iad sin a mhaireann i bputóga ainmhithe teofhuilteacha – daoine, ba, madraí agus éanlaith san áireamh. Faightear iad go flúirseach san fhaecas, is é sin, cac.[2] Ionfhabhtaíonn E.coli an chonair úiríneach uaireanta.[1]

E.coli in Éirinn cuir in eagar

Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn.[3] Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.[4]

Príomhalt: Uisce óil

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". Dáta rochtana: 2023.
  2. forasnagaeilge.ie (Samhradh 2019). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2023.
  3. Environmental Protection Agency. "Annual Drinking Water Reports" (en). www.epa.ie. Dáta rochtana: 2023-10-21.
  4. Nuacht RTÉ (2023-10-20). "Bhain na mílte úsáid as uisce a bhí truaillithe ag E.coli" (as ga).