Is é atá i gceist le fásra forchéime[1] ainm luibheolaíochta ar an staid dheireanach de phlandaí ar leanúint gan suaitheadh. Nuair is í an aeráid is mó a chinneann an fásra, forchéim aeráide a tharlaíonn. In an-chuid réigiún ar Domhan, crainn a bhíonn ceannasach sa bhforchéim aeráide: foraoisí trópaiceacha báistí sna trópaicí taise, coillearnach duillsilteach i ndomhanleithid mheasartha. Ní ghlactar go hiomlán leis an gcoincheap seo, mar is féidir go dtagann fachtóirí eile san áireamh i gcomhar leis an aeráid, na hithreacha is na hairdí, mar shampla.[2]

Coill Fagedà, sa Chatalóin, sampla de fhásra forchéime

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Fásra forchéime” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fásra forchéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.