Trealamh leictreonach a úsáidtear i bhfísléiriú chun ábhar cláir a roghnú ó fhoinsí éagsúla —ceamaraí, scanóirí scannán, fístéipthaifeadáin, ríomhairí — agus áiseanna ar fáil chun iarmhairtí trasdultacha idir amhairc is íomhánna a chomhcheangal ag uair an bhuntaifeadta, agus níos déanaí san eagarthóireacht iarléirithe. Tugtar an teideal seo ar an teicneoir a ritheann an trealamh faoi stiúir an stiúrthóra nó an eagarthóra.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Físmheascthóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.