Ba é an fónagraf an gléas ba choitianta a mbaintí feidhm as chun taifid fuaime a sheinnt ó na 1870í go dtí na 1980í.

Is éard is fónagraf ann, nó gramafón mar a tugadh air ina dhiaidh sin, ná gléas nó inneall a dhéanann taifeadadh meicniúil agus analógach ar fhuaimeanna, chun gur féidir iad a sheinnt arís. Rinneadh trádmharc as an bhfocal ‘gramophone’ sa bhliain 1887, agus baineadh úsáid as mar ainm ginearálta sa Ríocht Aontaithe ón mbliain 1910. Ó na 19940idí ar aghaidh seinnteoir ceirnín a tugadh air, agus caschlár a tugadh air ina dhiaidh sin arís.

Déantar tonnchruthanna chreathanna na fuaime a thaifeadadh mar athruithe beaga fisiciúla comhfhreagracha in iomaire bíse atá greanta, eitseáilte, gearrtha nó brúite isteach i ndromchla sorcóra nó diosca atá ag timpeallú, ar an dtugtar ceirnín.

Chun an fhuaim a athchruthú, déantar an dromchla a chasadh ar bhealach comhfhreagrach arís fad a leanann stíleas an t-iomaire nó an chlais. Cuireann na cnapáin agus na loganna sin creathanna tríd an stíleas agus déanann sé seo athchruthú ar an bhfuaim a taifeadadh, ach go han-íseal ar fad. Nuair a cumadh na fónagraif i gcéaduair dhéanadh an stíleas scannán a chreathadh, rud a chruthaigh tonnta fuaime a cheanglaíodh leis an aer trí adharc méadúcháin a rinne bolgadh amach, nó cheanglaítí an fhuaim go díreach le cluasa an éisteora trí chluasáin a bhí cosúil le steiteascóp.

Stair na Fionnachtana cuir in eagar

Deir roinnt gurbh é Thomas Edison a chum an chéad fhóngraf sa bhliain 1877, ach bhí an Francach Édouard-Léon Scott de Martinville tar éis an fónuathgraf a chumadh faoin mbliain 1857. Bhí sé i gceist go léifí na rianta a bhreac an gléas leis an tsúil dhaonna. Roimhe sin d’úsáidtí gabhláin tiúnála chun rianta a bhreacadh go díreach ó nithe a chruthaigh fuaim agus a bhí a bhí ag creathadh. Rud a bhí déanta ag Thomas Young in 1807.

Is éard a bhí gceist le fónagraf Edison ná gléas a rinne taifeadtaí fuaime a eitseáil ar shorcóirí fónagraf. Bhí dhá shnáthaid aige seo, ceann chun fuaim a thaifead agus ceann chun fuaim a sheinm.

Féach freisin cuir in eagar

Íomhánna cuir in eagar