Méadú i seoltacht ábhar áirithe (mar shampla, leathsheoltóir cosúil le harsainíd sileacain nó arsainíd gearmáiniam) nuair a nochtar do sholas iad. Cabhraíonn na fótóin ionsaitheacha, má tá a bhfuinneamh níos mó ná leibhéal ar leith, le táirgeadh díseanna leictreon is poll, agus cuireann siad seo leis an tseoltacht. Baintear feidhm as an iarmhairt seo i mbraiteoirí is lasca solasíogaire, agus ceamaraí teilifíse.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótaisheoltacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.