Fabhcún Barbarach

speiceas éan

Is fabhcún meánmhéide é an fabhcún Barbarach (Falco peregrinus pelegrinoides) atá chóir a bheith ar cóimhéid le préachán. Faightear an t-éan creiche seo ó na hOileáin Chanáracha san oirthear trí cheantair áirithe i dTuaisceart na hAfraice, sa Meánoirthear, agus i Lár na hÁise.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFabhcún Barbarach
Falco pelegrinoides Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdFalconiformes
FineFalconidae
GéineasFalco
SpeiceasFalco pelegrinoides Cuir in eagar ar Wikidata
Temminck, 1829

Cur síos cuir in eagar

Is maith leis an bhfabhcún Barbarach aeráid bhreacfhásaigh agus cnoic thirime oscailte. De ghnáth, beireann sé a chuid uibheacha i neadacha ar dhreapaí aille.

Tá sé cosúil leis an bhfabhcún gorm, ach níos lú — idir 33 agus 39 cm ar fad agus réise sciathán idir 76 agus 98 cm. Tá clúmh sainiúil aige, agus dá bharr sin is féidir na héin fásta a aithint ón fhabhcún gorm. Measann roinnt daoine gur speiceas ar leith é (Falco pelegrinoides[1]) toisc go bhfuil sé oiriúnaithe don fhásach. Ach le déanaí, fuarthas go bhfuil sé cosúil le fospeicis eile de chuid an fhabhcúin ghoirm ó thaobh na ngéinte de, mar sin meastar gur fospeiceas é anois (Falco peregrinus pelegrinoides).

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Falco pelegrinoides” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-27.