Séard is brí le rannán faisnéise (nó faisnéis mhíleata) ná bailiúchán eolais (sonraí, teachtaireachtaí, grianghraif, léarscáileanna agus mar sin de).

An Seapáin

Roinn Faisnéise i Stair na hÉireann cuir in eagar

Ní raibh córas faisnéise maith ag eagrais Éireannacha riamh go dtí gur fhearadh Cogadh na Saoirse in Éirinn idir 1919 agus 1921. Ba é Mícheál Ó Coileáin an dara Stiúrthóir ar an Roinn Faisnéise, a bhí ag Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1919. Chuir sé inneall ceart ar an roinn agus bhí foireann bheag dhíograiseach aige. Ba é Liam Tobin an leas Leas-Stiúrthóir Faisnéise. Bhí Tom Cullen ina Fho-Stiúrthóir Faisnéise. Bhí Frank Thornton ag feidhmiú mar Mhaor Faisnéise.

 
Baill na droinge 'Caireo'

Bhí gasra beag eile faoi stiúir An Coileánach. Ba iad seo an Sain-Aonad Faisnéise nó mar a thug An Coileánach orthu "An Dáréag Aspail". Bhí 12 óglaigh ina bhaill de agus bhí Paddy Daly i gceannas orthu.

An beart is mó a rinneadar ná 14 Sasanacha - baill na droinge 'Caireo' - a mharú ar 21 Samhain 1920, Domhnach na Fola. Go moch ar maidin, chuaigh díormaí beaga isteach i dtithe ar fad Baile Átha Cliath agus lámhachadh na fir (iad sa leaba uaireanta). Féach freisin, Domhnach na Fola (1920).

Tagairtí cuir in eagar