Struchtúr taobh istigh d'ubhagán an mhamaigh a fhéadfaidh forbairt ina ubhán aibí le fuascailt síos an t-ubhaducht. Tugtar falacail Graaf uirthi freisin, as an bhfiseolaí Ollannach Reinier de Graaf (1641-1673). I ngach ceann bíonn ginidíncheall bhunúsach, timpeallaithe le cealla eipitéileacha. Ar lá a breithe bíonn 400,000 falacail (falacailí príomhúla ag an staid sin) san ubhagán ag an naíonán baineann, ach ní aibíonn ach 300-400 díobh. Le teacht in oirbhirt is tosú an mhíostraithe, forbraíonn go leor falacailí gach mí, ach scaoileann falacail amháin a ubhán as an ubhagán is amach i gcuas an bhoilg. Taobh thiar den ghníomhaíocht seo, tagann na hubhagáin i bhfeidhm mar fhreagairt ar thál an hormóin fhalacailspreagthaigh (FSH) is an hormóin lúitéinithigh (LH) ag céimeanna ar leith sa timthriall míosta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Falacail ubhagánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 254.