Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc

Lainseáladh an Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc (ICBL) sa bhliain 1991. Meastar go bhfuil níos mó ná 100 milliún mianach mar seo suncáilte thar fhairsingí leathana den domhan mar iarmhair de chogaí searbha i Vítneam, Laos, an Chambóid, Angóla, an iar-Iugslaiv, agus réigiúin leathana den Afraic.

Bosca Sonraí EagraíochtaFeachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc
Sonraí
Cineáleagraíocht idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1992
Bunaitheoir(í)Jody Williams Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinicbl.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: minefreeworld Cuir in eagar ar Wikidata

Maraítear nó gortaítear go dona suas le 20,000 duine ag na mianaigh seo gach bliain, páistí den chuid is mó. Bíonn ar fheirmeoirí an talamh a ghlanadh de mhianaigh chun gur féidir í a shaothrú arís. Obair fhíorbhaolach é mianaigh a ghlanadh, cinnte.

2011ː an Cholóim

Struchtúr eagraíochtúil cuir in eagar

Coiste stiúrtha ó 16 eagraíocht atá ag an bhfeachtas, a chomhordaíonn obair 1,300 eagraíocht i 75 tír. Cabhraíonn sé le glanadh mianach agus soláthar míochaine d'íobartaigh. Bhuaigh an feachtas, lena chomhordaitheoir Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997.

 
2011ː an Cholóim

Cuireadh cosc ar mhianaigh féinscriosta sa bhliain 1997.[1] Shínigh 133 tír conradh, is d'aontaigh 58 tír eile leis, chun cosc a chur ar úsáid, táirgeadh, stóráil nó iompar na mianach seo, agus rinneadh dlí idirnáisinta de i 1999.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ottawa Treaty" (as en) (2020-03-24). Wikipedia. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Feachtas Idirnáisiúnta chun Mianaigh Talún a Chosc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.