Ionstraim chun luas sreabháin a thomhas ina shruth, ainmnithe as an innealtóir Francach Henri Pitot (1695-1771). Tugtar aghaidh oscailte an fheadáin i gcoinne an tsreafa agus ceanglaítear le taobh amháin den mhanaiméadar é. Tugtar aghaidh oscailte feadáin eile go hingearach leis an sreabhadh agus ceanglaítear é le taobh eile an mhanaiméadair. Tomhaistear an difríocht brú leis an manaiméadar. Bíonn an tomhas seo ina fheidhm den luas, agus is féidir é a ghrádú la scála luais.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán Pitot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 521.