Feadán ga-chatóideach chun físíomhánna daite a léiriú. Bíonn 3 léas leictreon ó 3 leictreonghunna, iad modhnaithe ag an gcomhartha dearg, glas, is gorm faoi seach. Sraontar iad ag an gcóras scanta trí phoill sa phláta scáthmhaisc chun go dtitfidh siad ar mhionspotaí fosfair den dath cuí ar an scáileán. Breonn na spotaí seo i gcomhréir le déine an léis a imbhuaileann iad, ach de bharr go bhfuil siad chomh beag sin, feictear iad i ndathanna suimithe. De ghnáth bíonn na mionspotaí ina dtréanna i bhfoirm deilte. Sa chás sin, bíonn tré poll sa scáthmhasc do gach picteilín den scáileán, agus ní ligeann gach poll den tré ach an léas den dath cuí isteach ar an mionspota cuí fosfair ar an scáileán. Mar mhalairt air sin, úsáidtear stríoca ceartingearacha i ngrúpaí de 3 cinn ar an scáileán uaireanta, agus sa chás sin, greille a bhíonn sa phláta scáthmhaisc.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán scáthmhaisc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 257.