Cineál an-mhór an-éagsúil plandaí bliantúla is ilbhliantúla, cuid acu uisciúil. Coitianta ar fud an chuid is mó den Domhan, ach go príomha sa leathsféar thuaidh. Na duilleoga caol iomlán, nó leathan roinnte. Na bláthanna cupánchruthach le 5 pheitealsheipeal go minic (sa ghéineas Ranunculus ach go háirithe), snasta buí, ach uaireanta bán nó dearg. Blas searbh agus nimhiúil d'ainmhithe, a sheachnaíonn iad, rud is cúis lena bhflúirseacht i bhféaraigh.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFearbán
Ranunculaceae Cuir in eagar ar Wikidata

lus buí Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRanunculales
FineRanunculaceae Cuir in eagar ar Wikidata
Juss., 1789
Cineál tacsanomaíochRanunculus Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Stádas ainmníochtanomen conservandum Cuir in eagar ar Wikidata
Adonis annua ón Spáinn, speiceas de chuid na Ranunculoideae

Tá timpeall is 1,700 speiceas fearbán ann. Is é Ranunculus an géineas is mó díobh úd agus 600 speiceas i gceist. Tagann ainm an ghéinis ón Laidin: Rānaculus (frog beag). Géinis mhóra eile is ea Delphinium (365 speiceas), Thalictrum (330), Clematis (325), agus Aconitum (300).

Nasc seachtrach cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fearbán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 258.