Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, iar-rí Uladh ba ea Fearghas mac Róigh (Sean-Ghaeilge Fergus mac Roíchmac Róeg). Bhuail Neasa bob air chun fáil réidh leis mar rí agus a mac Conchúr mac Neasa a chur ina áit. Is é Fergus Foga ainm eile air, dar le T. F. O'Rahilly. D'fhéadfadh go raibh Fergus mac Léti ina leagan eile dó freisin.

Infotaula de personaFergus mac Róich
Teaghlach
CéileNeasa Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMéabh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRossa Ruad

Nuair a theith Deirdre agus Naoise ó Chonchúr go hAlbain (theastaigh ó Chonchúr Deirdre a phósadh), seoladh Fearghas chun iad a thabhairt abhaile go sábháilte. Mharaigh fir Chonchúir Naoise agus a dheartháireacha, agus phós sé Deirdre in aghaidh a tola. Bhí Fearghas ar buile faoin mí-ionraiceas seo agus chuaigh sé lena lucht leanúna go cúige Chonnacht. Ghlac Ailill agus Méabh leo agus bhí Fearghas agus Méabh mar leannáin ó shin amach. Throid Fearghas agus a fhir ar son na gConnacht i gcoinne Chúige Uladh agus Cú Chulainn (a mhac altrama) sa Táin Bó Cúailgne.

Phós Fearghas bandia-fianna, Flidhias agus bhí clú air mar gheall ar a ghnéasúlacht. Bhí an claíomh finscéalaíoch Caladbolg ina sheilbh aige, a d'úsáid sé chun barra trí chnoc a bhaint. Maraíodh é ar ordú Ailealla mar gheall ar a chaidreamh le Méabh.

Tá páirt ag mac le Fearghas, Fiachra Cáech, i roinnt scéalta. Maraítear é agus é ag déanamh iarrachta saol Naoise a shábháil.

Téacsanna cuir in eagar