Feidhmchláir aistriúcháin

Is uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe[1] é feidhmchláir aistriúcháinfeidhmchlár ríomhaireachta, a úsáidtear mar chabhair chun aistriúchán a dhéanamh idir teangacha éagsúla.

Cruthaíonn an t-aistritheoir daonna foinse theanga agus sprioctheanga, agus de réir mar a bhíonn aistriúchán á dhéanamh coinnítear taifead i gcuimhne an ríomhaire de na téarmaí a úsáidtear san aistriúchán, ionas gur féidir leis an aistritheoir an t-ábhar céanna a úsáid arís agus aistriúchán nua idir lámha.

Briseann an feidhmchlár an téacs ina bhlúirí nó abairtí srl agus cuardaíonn sé a chuimhne le teacht ar ábhar atá mar an gcéanna leis nó cosúil leis.

Más féidir meaitseáil iomlán a dhéanamh déanfaidh an ríomhaire an t-aistriúchán nó cuirfidh sé moladh ar fáil de réir an chéatadáin meaitseála atá socraithe ag an úsáideoir.

Dá mhéad oibre a dhéantar leis an bhfeidhmchlár is ea is cruinne a bhíonn sé, agus is féidir leis an aistritheoir a tháirgiúlacht a mhéadú dá réir.

Láithreáin gréasáin cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-07-10.