Feirmeoireacht gan aon cheimiceáin shaorga a úsáid: leasú talún, feithicíd, sprae, nó ábhar cógaseolaíochta. Coinnítear torthúlacht na talún le haoileach eallaigh is múirín, agus trí rothlú barr le barr a fhosaíonn nítrigin, cosúil le seamair. Coimeádtar smacht ar fhiailí is galair trí rothlú is saothrú, fiú gortghlanadh láimhe. I dtíortha ar leith, bíonn biseach le fáil ar bhia orgánach. Tá an fheirmeoireacht seo ag fás go tapa le blianta anuas san Eoraip, ach is cuid bhídeach den fheirmeoireacht iomlán fós í.[1]

Líomaí orgánacha

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feirmeoireacht orgánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.