Is é an feirmiam an céadú dúil cheimiceach sa tábla peiriadach, agus is é an tsiombail a sheasann dó ná Fm. Tá sé ainmnithe as an bhfisiceoir Iodálach Enrico Fermi. Achtanóideach agus dúil thrasúránach atá ann, agus mar sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige. Is é 257Fm an ceann is troime acu, agus níl sé féin fadsaolach, nó tá sé 100.5 lá - céad lá agus leathlá - ar leathré.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachFeirmiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Feirmiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachFm
Uimhir adamhach100
Mais adamhach257.095
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.3
Stair
AimsitheoirGlenn Theodore Seaborg
FionnachtainNollaig 1952
EapainmEnrico Fermi

Tá an feirmiam chomh radaighníomhach is nach féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Dealraíonn sé, áfach, gurb iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn aige.

Tagairtí cuir in eagar