Ferdinand de Saussure

teangeolaí Eilvéiseach

Ba theangeolaí Eilvéiseach é Ferdinand de Saussure (26 Samhain 1857 - 22 Feabhra 1913). Rugadh sa Ghinéiv é. B’as a chuid smaointe a tháinig bunús na bhforbairtí tábhachtacha sa teangeolaíocht san fhichiú haois. Dar lena lán daoine, ba Saussure a bhunaigh teangeolaíocht na fichiú haoise agus an tséimeolaíocht agus tá an-tionchar ag a chuid smaointe ar na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta.

Infotaula de personaFerdinand de Saussure

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Samhain 1857
An Ghinéiv (an Eilvéis)
Bás22 Feabhra 1913
55 bliana d'aois
Vufflens-le-Château (an Eilvéis)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig - dochtúireacht (1876–1880)
Ollscoil na Ginéive (1875–1876)
Collège Calvin Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilDe l'emploi du génitif absolu en sanscrit (1881 Cuir in eagar ar Wikidata)
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht struchtúrach
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Ginéive (1891–1913)
École pratique des hautes études (1880–1891) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidHeinrich Zimmer, Hermann Oldenberg, Georg Curtius, Henri-Frédéric Amiel, Alexis Giraud-Teulon agus Hugues Oltramare
Mac/iníon léinnAlbert Sechehaye agus Louis Duvau (en) Aistrigh
TeangachaAn Fhraincis agus Gearmáinis na hEilvéise
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachDe Saussure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMarie Faesch Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRaymond de Saussure, Jacques de Saussure Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenri de Saussure
SiblínRené de Saussure agus Léopold de Saussure
Síniú

Saol cuir in eagar

Saolaíodh Ferdinand Mongin de Saussure sa Ghinéiv sa bhliain 1857. Agus é fós ina óige, ba léir go raibh tallann ar leith agus an-chumas intleachtach aige. I ndiaidh bliain a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an Laidin, ar an nGréigis agus ar an Sanscrait, i measc ábhair eile, ag Ollscoil na Ginéive, thosaigh sé ag déanamh staidéar iarchéime ag Ollscoil Leipzig i 1876. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus é 21 bliain d’aois, rinne Saussure staidéar ar feadh bliana i mBeirlín, áit ar scríobh sé an t-aon saothar iomlán a bhí aige, Mémoire sur le système primitif des voyelles dans les langues indo-européennes (Tráchtas ar Bhunchóras na nGutaí sna Teangacha Ind-Eorpacha).

D’fhill sé ar Leipzig agus bronnadh céim dhochtúra air sa bhliain 1880. Go luath ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé go Páras, mar ar theagasc sé teangacha ársa agus nua. Mhúin sé i bPáras ar feadh aon bhliain déag sular fhill sé ar an nGinéiv in 1891. Thug sé léachtaí ar an Sanscrait agus ar an Ind-Eorpais in Ollscoil na Ginéive go deireadh a shaoil. Níor thosaigh sé ag teagasc Chúrsa na Teangeolaíochta Ginearálta go dtí 1906, ábhar ar a ndíreodh sé an chuid is mó dá aird go dtí a bháis sa bhliain 1913 in Vufflens-le-Château, VD san Eilvéis.

Ba iad Charles Bally agus Albert Sechehaye, iarmhic léinn de chuid Saussure, a d’fhoilsigh an saothar is tábhachtaí dá chuid, Cours de linguistique générale (Cúrsa sa Teangeolaíocht Ginearálta), sa bhliain 1916, trí bliana tar éis a bháis. Bhunaigh siad an leabhar ar nótaí ar léachtaí a thug Saussure i bPáras. Tá Cúrsa sa Teangeolaíocht Ginearálta ar cheann de na saothair theangeolaíocha is cumhachtaí agus is tábhachtaí sa fichiú haois, den chuid is mó mar gheall ar an gcur chuige ceannródaíoch a d’úsáid sé agus é ag plé na bhfeiniméan teangeolaíoch, seachas ábhar an leabhair féin. Is é sin le rá go raibh a lán dá smaointe le fáil roimh ré i saothair de chuid teangeolaithe eile na fichiú haoise.

Is éard an príomhsmaoineamh atá le fáil sa saothar seo gur féidir teanga a mhiondealú mar chóras foirmiúil d’eilimintí difreálacha, diomaite de dhialachtaic phraiticiúil na hurlabhra agus na tuisceana. I measc samplaí de na heilimintí seo, tá a choincheap den chomhartha teangeolaíoch, rud a dhéantar as comharthóir (signifiant) agus as comharthach (signifié).

Sular cailleadh é, bhí Saussure i mbun a chuid léachtaí a chur le chéile. Aimsíodh lámhscríbhinn den saothar seo sa bhliain 1996 agus foilsíodh é faoin teideal Writings in General Linguistics. Tugann an saothar seo léirithe tábhachtacha ar na bearnaí a bhíodh ann.

Tagairtí cuir in eagar