Is é rud is fiaradh gaoithe ann ná téarma meitéareolaíochta ar an ráta athraithe i luas na gaoithe. An ráta athraithe in aghaidh na hairde, tugtar an fiaradh gaoithe ceartingearach air sin. Braitheann sé go mór ar phatrún na teochta san aer. Is baolach fiaradh mór gaoithe d'eitleán a bhíonn istigh ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fiaradh gaoithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 267.