Is saghas ealaíne scríofa í an fhilíocht ina n-úsáidtear teanga ar son a cáilíochtaí aeistéitiúla chomh maith le - nó in ionad - na tuairimí le tuiscint ó na focail.

Filíocht, Abdul Hameed II[1]

Dán is ea an téarma i nGaeilge ar phíosa filíochta a chruthaíonn an file.

Modhanna cuir in eagar

Go minic úsáidtear foirm chomhdhlúite i ndánta chun mothúcháin nó smaointe doimhne a chur in iúl don léitheoir nó don lucht éisteachta. Chomh maith leis sin tá deiseanna cosúil le hathrá agus comhfhuaim le cloisteáil chun éifeacht cheolmhar a chur i gcrích.

 
Filíocht ar an mballa, lárionad Angel Island, San Francisco

De ghnáth, baineann filí an-fheidhm as íomhánna, meafair srl. chomh maith. Uaireanta is deacair dán a thuiscint de bharr íomhánna nó meafar casta. Bíonn níos mó ná brí amháin le tuiscint ón gcuid is mó de phíosaí filíochta.

Stair cuir in eagar

stair fhada ag baint le filíocht atá i bhfad níos faide ná léitheoireacht nó scríbhneoireacht. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir filíocht agus prós maidir leis an úsáid a bhaintear san fhilíocht as cáilíochtaí aeistéitiúla na focail, athrá, rithim agus meadaracht.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar