Fiseolaíocht is míochaine spáis

Brainse den mhíochaine a phléann le hiarmhairtí eitilte sa spás ar fhiseolaíocht an duine, chun sláinte spásairí a chaomhnú. Mar thoradh ar dhímheáchan, tarlaíonn galar gluaisne, meath an chórais chairdiascamhógaigh, cailliúint mhais na gcealla dearga fola, agus cailliúint an mhianra sna cnámha. Úsáidtear cleachtadh, cothú, bithaischothú, agus teiripe le drugaí chun bac a chur ar na drochiarmhairtí seo. Is gá cosaint fhrithradaíochta a sholáthar i gcás eitiltí fadtréimhseacha, agus cúram míochaine a bheith ar fáil le linn eitiltí freisin. Tá cleachtadh maith ar eitiltí fada anois ag na Rúisigh, mar shampla 366 lá ag spásairí ar Mir (1977-1978). Thógfadh eitilt fillte ar Mhars 6 bhliain ar a laghad, ach i bpleananna NASA samhlaítear eitiltí timpeall 3 bliana agus cuairt timpeall 500 lá ar an bpláinéad taobh istigh de sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fiseolaíocht is míochaine spáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 271.