Staidéar ar thréithe, comhdhéanamh agus struchtúr núicléas an adaimh. Ar dtús rinneadh turgnaimh ar radaighníomhaíocht nádúrtha, agus léiríodh gurbh ann don núicléas i 1911. Déanann turgnaimh nua-aoiseacha staidéar ar núicléis fhordhíchumtha ar ardluas rothlaithe, agus ábhar dlúth núicléach (an plasma cuairc/glúóin) a chruthaítear in imbhuailtí núicléas trom. Iniúchtar an núicléas le X-ghathanna, neodróin, méasóin, agus leictreoin. I measc feidhmeanna na fisice núicléiche, tá cumhacht núicléach, airm núicléacha, agus raidiseatóip sa mhíochaine.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 273.