Ionstraim míochaine a theilgeann X-radaíocht tríd an gcolainn chun íomhá reatha a dhéanamh de na fíocháin inmheánacha ar scáileán fluaraiseach. Úsáideann dochtúirí é le diagnóisiú a dhéanamh. Is féidir le gnáthíomhánna radagrafacha airíonna níos mine a thaispeáint, ach is fearr an fluarascóp nuair is gá airíonna gluaiste a scrúdú. Baintear feidhm as ionstraimí cosúla chun ábhair is réada meicniúla a iniúchadh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fluarascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 278.