Modh táirgthe scannán tanaí. Táirgtear adaimh d'ábhar ó fhoinse téite taobh istigh de shoitheach folúis, agus ligtear dóibh titim ar dhromchla na foshraithe atá le clúdach le brat. Baintear feidhm as an modh seo chun brat alúmanaim a chur ar dhlúthdhioscaí. Déantar codanna de chiorcaid phriontáilte trí scannán miotail a dheascadh trí mhasc.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Folúsdeascadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.