Is é an formaildéad nó an meatánal CH2O an ceann is simplí de na haildéid. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do chomhdhúile orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán uisce an fhormaildéid, an fhormailin, le heiseamail a thaisceadh sa bhitheolaíocht, sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le baictéir a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht cheimiceach. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachFormaildéad
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach30.011 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Róldífhabhtán, ailléirgin, príomh-mheitibilít, carcainigin agus carcanaigin cheirde
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCH₂O
SMILES canónta
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.8153 g/cm³ (a −20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.332 D
Pointe leáite−92 °C
−92 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe−21 °C (a 760 Torr)
−19.1 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.332 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−115.9 kJ/mol
Galbhrú1 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Teorainn inlasta íochtair7 vol%
Teorainn inlasta uachtarach73 vol%
Meánteorainn nochta ualaithe ama0.02 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh)
0.92 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh2.46 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta0.123 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte24.6 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
gás inlasta

Tá sé de chlaonadh san fhormaildéad polaiméiriú go paraformaildéad, trímhéiriú go 1,3,5-trí-ocsán, agus hiodráitiú go hiodráit formaildéid, nó meatándé-ól .

Úsáid cuir in eagar

Baintear úsáid as formaildéad mar oibreán balsamaithe le corpáin mharbha a chaomhnú ar mhaithe le hadhlacadhmionghearradh.

Priacail don tsláinte cuir in eagar

Cé gur ceimiceán nádúrtha é an formaildéad, baineann a lán contúirtí leis ó thaobh shláinte an duine de. Is carcanaigin (cúis ailse) é, agus cuireann sé as do na súile. Greannaíonn sé na seicní múcasacha fosta. An dóchar atá sa mheatanól (san alcól meitile)   don duine tá sé bunaithe ar an dóigh a n-ocsaídítear an meatanól go formaildéad san orgánach dhaonna. I gcillíní na súl is mó a bhíos an t-ocsaídiú seo ar obair, rud a mhíníonn an scrios a dhéanann an meatanól do radharc na súl ag na daoine a thagann beo as an nimhiú meatanóil.