Rangú saille ar leith ina bhfuil cuid den mhóilín (an ceann) an-pholach, agus mar sin intuaslagtha in uisce is hidrifileach (ní hionann is an chuid shailleach). Bíonn an chuid eile den mhóilín (an t-eireaball) an-dothuaslagtha is hidreafóbach. Is difriúil an ceann i ranganna difriúla fosfailipide. Is fosfailipidí na príomhchomhábhair i ngach cillscannán bitheolaíoch. Stórálann siad aigéad araicideonach, a fheidhmíonn mar réamhábhar na bprostaglaindiní.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fosfailipid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 283.