An chuid d'ais planda a bhíonn faoi thalamh, ag ionsú uisce is cothuithe, agus ag daingniú an phlanda san ithir. Déanann sí gnó mar orgán stórála freisin. Tosaíonn sí mar fhréamhán, fréamh shuthach an tsíl, agus forbraíonn ar dhá bhunbhealach: trí fhréamhú an fhréamháin arís is arís eile chun cnap fréamhacha snáithíneacha cliathánacha a chruthú, nó trí bhunfhréamh lárnach a chruthú is fréamh chliathánach nó dhó ar a mhéid. Bíonn caipín ar bhun na bunfhréimhe, an cailiptrea, ciseal ceall fásmhar a chosnaíonn an fhréamh is í ag brú tríd an ithir.[1]

Fréamh (planda)
Fréamh (planda)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.